As Gaeilge
Previous - Next

Contents
 

Colm Cille 597-1997

The 1400th anniversary of Colm Cille's (Columba's) death in 1997 sparked celebrations in England, Scotland, North Ireland and the Irish Republic. Protestant, Catholic and Celt claimed him as their own. Below is an edited version of a homily given in the Roman Catholic basilica of Knock, Ireland, at a celebration marking the occasion.

Pádraig Ó Fiannachta  
Ar an naoú lá de Mheitheamh 597 glaodh Colm Cille as measc a chomluadar manach in Oileán beannaithe Í chun solas na soilse agus radharc na Tríonóide. Cé gur fada an lá ó shin é sin, níl gné de shaol an lae inniu nach bhfuil treoir faoi le fáil ó shaol, ó shaothar agus ó shampla Cholm Cille.

Nuair a fhéachaimid inár dtimpeall, cibé áit ina bhfuilimid in Éirinn, agus go háirithe sa Gaeltacht, feicimid iontais Dé inár dtimpeall áille na gcnoc gcorcra, glaise na mbánta, breicineach an fhraoigh is an aitinn, glioscarnach na loch is na n-aibhnte; cloisimid monabar na sruthán agus lapadáil na taoide ar an trá nó ar na carraigeacha, ceol na n-éan, méileach na n-uan is na gcaorach agus gáire na leanbh; sea agus cuireann snó na mban agus fuinneamh na bhfear gliondar orainn. Bhí meas agus cion ag Colm Cille ar na nithe sin go léir agus mhol sé Dia a rinne iad i ndán cáiliúil Laidine dá chuid a tháinig slán anuas chugainn an tAltus Prosator, an Cruthaitheoir ar Neamh. Is minic nach bhfeicimid inniu áille agus neart agus cumhacht agus cneastacht Dé ina chruthaíocht inár dtimpeall nó gur beag é ár meas uirthi. Ní bhímid moltach ná buíoch mar is dual.
  Is é an scéal céanna é ag ár saoithiúlacht, ár léann, ár gceol, ár n-ealaín snoite ar cloch mar chlocha Í, nó greanta in ór mar ár gcailísí niamhracha, nó breactha i sciamhleabhartha ó mhainistreacha Cholm Cille mar Leabhar Cheannannais agus Í agus Leabhar Dharú. An creideamh beo bríomhar ina gcroí agus oidhreacht Cholm Cille os comhair a súl a spreag na healaíontóirí a d'fhág na seoda molta Dé seo againn. I ré seo na saoltachta tá gá le spreagadh an chreidimh chéanna; ní leor an cheist agus an t-amhras agus an crá croí meiscreach chun sruth na hinspioráide a chur ag brúchtaíl ina thuile bheo. Chleacht Colm Cille ealaín an phinn agus na leabhair ó thús a shaoil mar mhanach, cleacht sé an fhilíocht agus chosain an t-aos dána. Cuirtear filíocht álainn ina leith, filíocht an deoraí, filíocht an scríobhaí, filíocht an mhanaigh agus filíocht mholta Dé. Is í an fhilíocht ghrá Gael agus ghrá Éireann an chuid is coscaraí a chuireann an seanchas ina bhéal:

A fhir théid in Éirinn siar, a deir sé in Í Is briste mo chroí i mo chliabh Más é an bás is dán dom Is ar mhéid grá Gael.

Agus féach na háiteanna go raibh grá ar leith aige dóibh:

Ionúin Darú is Doire Ionúin Droim Thuama as mín meas Ionúin Ráthbhoth go ngloine Ionúin Sord is Ceannannas.

Nuair a bhí bagairt á dhéanamh ar na filí agus go rabhadar i mbaol a ruagtha, deir an seanchas gur chosain sé iad agus gur chuir comhairle a leasa orthu. Ní hionadh gur mhol na filí é dá bhrí sin. Nuair a d'éag sé chaoin Dallán Forghaill é san aiste Sean-Ghaeilge is ársa a tháinig anuas chugainn sa teanga sin Amhra Choilm Chille; agus tá dán beagnach chomh ársa againn le file eile ag moladh a shuáilcí Colm cáidh cumhachtach.

Saint agus saoltacht peacaí móra ár linne. Tá an duine aonair ciontach go minic; an mhaoin an sprioc aige, an mhaoin an sprioc a chuireann sé roimh a chlann óg; is iomaí tinteán atá ina ainm a bheith Críostaí arb é Mamón an máistir ann. Is soiléire fós é greim na sainte sa saol mór amuigh. Tá na comhlachtaí móra ciontach; is cuma leo ar uairibh faoine n-oibrithe ach cur leis an gcnuas agus ardú ar an díbhinn. Tá na tíortha móra ciontach ag díol arm agus lón cogaidh le tíoránaigh a dtíortha bochta; ag scaipeadh pinginí na déirce orthu ceart go leor ar uairibh, ach ag éileamh a dtáirgi i gcónaí ar shladmhargadh; sweat shops ar bheagán pá i dtíortha bochta agus deol agus díomhaointeas in áiteanna eile. Saint chun airgid ar bharúin na ndrugaí a fhágann daoine óga ina n-iarlaisí agus ina ropairí.

Is fada é seo go léir ó spiorad na bochtaine, ón diúltú don saol, a chleacht Colm Cille. Ba ábhar taoisigh agus damhna rí é; thug sé cúl le honóir shaolta agus chuaigh ar thóir ríocht Dé in áit ríocht ar talamh. Chreid sé an gheallúint a thug Íosa: "Aon duine a fhágann athair nó máthair, bean nó clann, teach nó maoin ar mo shonsa agus ar son an tsoiscéil, gheobhaidh sé sin ar ais faoi chéad ar an saol seo agus an bheatha shíoraí sa saol atá le teacht." Creidimid gur naomh ar neamh é Colm Cille, go bhfuair sé a luach saothair síoraí, ach féach go bhfuair sé leis a chúiteamh ar an saol seo; fuair sé bás mar ab agus mar bhunaitheoir ar mhainistreacha, a chuallacht manach, a chlann spioradálta, ina thimpeall, síocháin déanta aige idir dreamanna ar dhá thaobh Sruth na Maoile, formhór na hAlban tugtha chun creidimh aige, agus paruchia mór mainistreacha ar fud Éireann agus Alban ag leanúint a rialach.

Chreid na Gaeil gur gheall le hAbraham é Colm Cille, gur glaodh air lena thír dhúchais a thréigean agus aghaidh a thabhairt ar an anaithnid dála Abraham, agus go ndearna sé é sin gan cheist. Bhí an glasmhartracht, troscadh agus smachtú na colainne agus diúltú don saol, á cleachtadh aige go dtí sin. Anois thóg sé ar féin an bánmhartracht chomh maith. Is é a bhí ansin, dar leis na Gaeil, ná cúl a thabhairt go deo le do mhuintir féin, le do thír dhúchais, agus aghaidh a thabhairt ar an gcoigríoch ar son Dé agus glóir a ainm. I ndán a chuirtear ina leith ag fágáil Dhoire dó, nochtar an briseadh croí a bhí ann dó:

Fil súil nglais Fhéachas Éirinn tar a hais.   Is ní fhaicfidh sí lena lá Fir Éireann náid a mná.

Dheineadh ár manaigh fadó aithris ar Chríost go litriúil. D'imigh Colm Cille dá bhrí sin agus dháréag manach leis óna mhainistir i nDoire, ag déanamh a n-anama. Chuir siad fúthu in oileáinín beag Í. Ní fada a bhí Colm Cille in Í nó gur thit sé i ngrá léi siúd chomh maith:

Do chím Í, ar sé Beannacht ar gach súil do chí; An té do-ní leas a chéile

Is é a leas féin do-ní.

Lean sé féin agus a chuallacht orthu ag caitheamh na beatha cráifí. Ba ghearr gur tháinig glaoch eile, glaoch chun leas daoine eile a dhéanamh, glaoch an mhisinéara. Chuir siad chun oibre go dícheallach; d'éirigh leo an creideamh a dhaingniú agus a neartú i measc Gael Alban agus ansin thug aghaidh ar an gcine Picteach. Bhí an rath ar a saothar i dtreo go raibh mainistir Í sula fada ina máthair ar paruchia mór Cholm Cille ar dhá thaobh na farraige.

Is é Colm Cille pátrún ár ndeoraithe. Ní hionadh go dtugann muintir Thír Chonaill turas ar Leac na Cumha sula n-imíonn siad thar lear chun an cumha a bhaint dá gcroí, a lán acu ar an turas céanna geall leis le Colm Cille thar Sruth na Maoile agus Coire Bhreacáin. Cuirtear na focail chumha seo i mbéal Cholm Cille agus é ag fágáil Dhoire:

Mochthráth is um nóin chaoinim. Uchán an turas téighim. Is é m'ainmse, rún a ráim, Cúl re hÉirinn.

Cé gur ag tuilleamh a mbeatha agus nach ag déanamh a n-anama a d'imigh formhór ár ndeoraithe, céad moladh is buíochas le Dia, is iomaí buíon díobh a shíol an creideamh, a bunaigh paróistí agus eaglaisí in Albain agus i Sasana, i Meiriceá, san Astráil, sa Nua-Shéalainn; agus dheisigh siad ceann beag dom féin in áit darb ainm Ceri i Sir Drefaldwyn i gCoimrí breis is daicheadh bliain ó shin. Molaimid na misnéirí ciúine dílse sin agus guímid go raibh siad ina sampla do na daoine óga oilte atá inniu ag leanúint cosán ár manach ar fud na hEorpa.

De réir an tseanchais bhí ceangal leorghnímh agus cosc ar Cholm Cille gan cos ná súil a leagan arís ar thír na hÉireann. Agus inseann an seanchas céanna cé mar a sháraigh sé an cosc sin le fód ó Í a bheith faoine chosa agus brat a bheith ar a shúile nuair a tháinig sé go Comhdháil Dhrom Ceat. Tháinig sé ansiúd le réiteach a dhéanamh ar fhadhb pholaitíochta agus ar fhadhb shóisialta. Dealraíonn sé gur éirigh leis. Tá fadhbanna den sórt céanna díreach le réiteach ag an nglúin seo Gael. Agallamh agus comhréiteach a bhí mar fhreagra ag Colm Cille. Níl a mhalairt de fhreagra againn inniu ar fhadhb an aighnis i dtuaisceart na tíre gleoite seo. Guímis go sáróidh an dá thaobh ar dtús na deacrachtaí atá acu maidir le teacht go láthair an chruinnithe, faoi mar a deir an seanchas a d'éirigh le Colm Cille a fhadhbanna féin a shárú, agus ansin go dtiocfaí ar an gcomhréiteach a thabharfaidh an tsíocháin bhuan agus a cheart do chách.

Foclóir:


Í = Iona

Ceannannais = Kells

Darú = Durrow

Ré na saoltachta = materialistic age

glasmhartracht = green martyrdom

Deoraithe = exiles

Seanchas = folklore
  Pádraig Ó Fiannachta is perhaps the best known Gaelic scholar in Ireland. Having spent most of his life as a professor in St Patrick's College, Maynooth, he is now Parish Priest in Dingle, Co. Kerry.

Taken from An Sagart , Fómhar 1997. Full text available from An Sagart, Teach an Sagart, An Daingean, Co. Ciarraí.
  Previous - Next

Contents